Aontachtóirí na hÉireann
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é is brí leis an Aontachtóir i gcomhthéacs na hÉireann ná duine a léiríonn tacaíocht d'aontacht na hÉireann agus na Breataine Móire mar aon slánaonad bunreachtúil amháin. Is é Acht na hAontachta ón mbliain 1800 príomhcháipéis na hAontachtóireachta, nó b'é an t-acht sin a chuir deireadh le hÉirinn mar stát ar leith a raibh parlaimint dá chuid féin aige. Nuair a thosaigh na hÉireannaigh ag cur ar son an Rialtas Dúchais sa naoú haois déag, tháinig na téarmaí Béarla Unionism agus Unionist sa ghnáthúsáid.
Maidir leis an téarmaíocht sa Ghaeilge, is é an leagan a mholann foclóir Uí Dhónaill ná Aontachtaí, agus d'fhéadfá Aontachtaíocht nó Aontachtachas a úsáid le Unionism a aistriú. Dealraíonn sé, áfach, gurb é Aontachtóir an leagan is coitianta i bhfíor-úsáid na teanga, agus mar sin, is iad Aontachtóir agus Aontachtóireacht na leaganacha a bheidh le léamh san alt seo.
In Éirinn sa lá atá inniu ann, is é an chéad rud a ritheann leis na daoine agus iad ag cloisteáil an fhocail sin "Aontachtóir" ná Protastúnaigh Thuaisceart Éireann. Cé nach bhfuil gach Caitliceach ó thuaidh ina Náisiúnaí ná gach Protastúnach ina Aontachtóir, is féidir seasamh polaitiúil an chuid is mó de mhuintir an Tuaiscirt a thuar de réir an dreama eitnireiligiúnda. Nuair a bunaíodh an stáitín Tuaisceartach i ndiaidh chríochdheighilt na hÉireann sa bhliain 1920, b'iad na hAontachtóirí a chuaigh i gceann air, nó fuair siad tromlach láidir i bparlaimint nua an stáit, an Stormont. Chuaigh siad i dtuilleamaí chlaonroinnt na dtoghlach agus bhain siad úsáid as cleasanna cosúla a raibh blas an fhrithdhaonlathais agus na héagóra orthu, dar leis na Caitlicigh, a fuair iad féin curtha ar imeall na sochaí agus i bhfad ón gcumhacht.
B'e an míniú a thug na hAontachtóirí ar na cleasanna seo ná go raibh an stát féin cruthaithe le hiad siúd a shásamh a bhí fonnmhar an Aontacht a choinneáil, is é sin, na Protastúnaigh thar aon dream eile - stát agus parlaimint Phrotastúnach a bhí ann don mhuintir Phrotastúnach, mar a mhaígh na hAontachtóirí. Ó theastaigh ó na Caitlicigh an Tuaisceart a aontú leis an gcuid eile d'oileán na hÉireann, a réasúnaigh na hAontachtóirí, ní raibh cumhacht ar bith ag dul dóibh ó cheart sa stáitín a bhí siad ag iarraidh a chur de dhroim an tsaoil.