Gréasán Domhanda
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is córas poiblí hipirtéacs ar an Idirlíon é an Gréasán Domhanda (as Béarla World Wide Web nó WWW), cruthaithe ag Tim Berners-Lee agus Robert Cailliau i CERN i 1990 le haghaidh torthaí eolaíochta a scaipeadh. Is é an Gréasán Domhanda an chuid is iomráití den Idirlíon ach tá seirbhísí eile ar an Idirlíon nach cuid den Ghréasán Domhanda iad (cosúil le ríomhphost agus teachtaireachtaí meandracha).[1]
Is éard atá i gceist leis an Gréasán Domhanda ná na ríomhairí go léir atá ceangailte leis an Idirlíon, agus a choinníonn doiciméid atá inrochtana ar an dá thaobh tríd an bprótacal caighdeánach (an prótacal aistrithe hipirtéacs, HTTP). An gréasán a thugtar air mar ghiorrú (nó an líon, nó w3), agus i seoltaí Idirlín úsáidtear an t-acrainm www.[2]