Nuacht TG4
From Wikipedia, the free encyclopedia
Clár nuachta Gaeilge is ea Nuacht TG4, a chraoltar go beo gach lá ar an stáisiún TG4. Cuirtear an bhéim ar nuacht agus tuairiscí a bhaineann leis an nGaeltacht agus an Ghaeilge araon, chomh maith le cuntais ar nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta. Cuireadh tús leis ar an 31 Deireadh Fómhair 1996, faoin ainm Nuacht TnaG agus le Gráinne Seoige mar láithreoir. Ón 13 Iúil 2009 ar aghaidh, bíonn gach eagrán ag teacht go beo ó stiúideonna TG4 i mBaile na hAbhann, Contae na Gaillimhe.
Séanra | nuacht agus cúrsaí reatha |
---|---|
Láithreoir(í) | Siún Nic Gearailt agus Eimear Ní Chonaola |
Tír | Éire |
Bunteanga | an Ghaeilge |
Teanga | an Ghaeilge |
Bealach teilifíse | TG4 |
Fad na n-eipeasóidí | 30 min |
Tuilleadh eolais | |
Suíomh oifigiúil | tg4.ie… |
Taispeántar cláir a mhaireann tríocha nóiméad ag 19:00 idir Luain agus Aoine, agus cláir níos giorra ag 18:45 ag an deireadh seachtaine. Is cuid de Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ é Nuacht TG4, an chraobh den craoltóir náisiúnta atá freagrach as cúrsaí nuachta. Tá lucht féachana de 35-40,000 ag an gclár.