Paragua
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is tír i Meiriceá Theas í Paragua, nó Poblacht Pharagua (Spáinnis: República del Paraguay, Guaráinis: Paraguái Tavakuairetã). Tá sí ag críochantaíocht leis an mBolaiv, leis an mBrasaíl agus leis an Airgintín. Is í Asunción an phríomhchathair. Tá 6 mhilliún duine ina gcónaí ann. Dála na Bolaive, níl aon chósta aici.
Paragua | |||||
---|---|---|---|---|---|
República del Paraguay (es) Tetã Paraguái (gn) | |||||
|
|||||
Aintiún | amhrán náisiúnta Pharagua | ||||
Mana | «Paz y justicia» «Peace and justice» «Мир и справедливост» «You have to feel it!» | ||||
Ainmnithe in ómós | Abhainn Pharagua | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Asunción | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 6,811,297 (2017) | ||||
• Dlús | 16.75 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Spáinnis an Ghuaráinis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Meiriceá Laidineach Southern Cone (en) Meiriceá Theas Meiriceá Easpáinneach | ||||
Achar dromchla | 406,756 km² | ||||
Pointe is airde | Cerro Tres Kandú (en) (842 m) | ||||
Pointe is ísle | Abhainn Pharagua (46 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1811 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Comhdháil Pharagua | ||||
• Uachtarán Pharagua | Santiago Peña Palacios (2023–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 39,950,899,733 $ (2021) | ||||
Airgeadra | guaraní Pharagua | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .py | ||||
Glaochód | +595 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 911 | ||||
Cód tíre | PY | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | paraguay.gov.py |
Tír dhátheangach atá ann, nó siúd is gurb í an Spáinnis an chéad teanga oifigiúil, is í an Ghuaráinis, teanga na mbundúchasach, is mó a labhraítear. Is í an Ghuaráinis caint na sráide sa phríomhchathair féin, agus í go líofa fiú ag sliocht na n-inimirceoirí ón Eoraip. Scéal eile, áfach, nach ndearnadh mórán saothrú ar an nGuaráinis riamh mar theanga liteartha, agus mar sin, is í an Spáinnis teanga na meán, na litríochta is an chultúir.