Seosamh Ó Cainín
iománaí Éireannach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is iománaí é Seosamh Ó Cainín, nó Joe Canning mar a thugtar air i mBéarla. As Port Omna i gContae na Gaillimhe dó agus imríonn sé mar thosaí leis CLG Port Omna agus d'imríodh sé le foireann CLG Chontae na Gaillimhe. Thosaigh sé ag imirt le sinsir na Gaillimhe sa bhliain 2008 i rith an tsraithchomórtais iománaíochta agus bhí sé ina imreoir tábhachtach dóibh ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin. Ceaptar go bhfuil sé ar dhuine de na hiománaithe ab fhearr riamh agus is máistir i mbun a cheirde é nuair a bhíonn sé faoi lán seoil i bPáirc an Chrócaigh.[1]
Beathaisnéis | ||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 11 Deireadh Fómhair 1988 35 bliana d'aois Port Omna, Éire | |||||||||||||||||||
Faisnéis phearsanta | ||||||||||||||||||||
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh | |||||||||||||||||||
Airde | 1.88 m | |||||||||||||||||||
Gníomhaíocht | ||||||||||||||||||||
Gairm | iománaí | |||||||||||||||||||
Spórt | iomáint | |||||||||||||||||||
Urraitheoir | Red Bull GmbH | |||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
Teaghlach | ||||||||||||||||||||
Siblín | Oilibhéar Ó Cainín | |||||||||||||||||||
Gradam a fuarthas | ||||||||||||||||||||
Bhuaigh Seosamh boinn Uile Éirinn ag leibhéal mionúir, faoi-21 agus sinsir le Gaillimh agus chomh maith leis sin, tá sé ina bhuaiteoir ar Chraobh Laighean agus ar an tSraith Iomána Náisiúnta. Ag leibhéal na gclub, bhuaigh sé 5 chraobh contae agus bhí sé ina bhuaiteoir ar 4 Chraobh Shinsear Iomána Club na hÉireann leis an mbua is déanaí sa bhliain 2014 in aghaidh Raonaithe Stua Laighean.[2]
Chomh maith leis na boinn a bhuaigh sé lena fhoireann, tá roinnt gradam pearsanta faighte ag Ó Cainín as ucht a chuid éachtaí aonair. Ba é “Imreoir Óg na Bliana” ina chéad séasúr ag imirt sa chraobhchomórtas in 2008. Tá 4 ghradam All Star aige agus bhuaigh sé “Imreoir na Bliana” in 2017. Bhí sé san áireamh ar Fhoireann Chorn Mhic Ghiobúin na hAoise agus ar an bhfoireann is fearr i nGaillimh le caoga bliain anuas.[1]