Éirí Amach na Mau Mau
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tharla Éirí Amach Mau Mau, mar a thugtar air in annálacha na staire, sna blianta 1952–1960.
Cineál | ceannairc |
---|---|
Cuid de | díchoilíniú na hAfraice |
Tréimhse | 1952 - 1960 |
Dáta na bliana | 1952 |
Suíomh | Coilíneacht na Céinia, Impireacht na Breataine |
Tír | an Chéinia |
Bhí faltanas ag muintir na Céinia in aghaidh na Sasanach le fada an lá (toisc an dóigh ar roinneadh na tailte sa tír sin srl). Tháinig na fadhbanna seo chun solais sa bhliain 1951, agus Aontas Afracach na Céinia ag éileamh tuilleadh ionadaíochta do na bundúchasaigh i rialú agus i riarachán na tíre, chomh maith le athroinnt na talún srl.[1]
Nuair a diúltaíodh do na héilimh seo, fuair lucht an antoisceachais seilbh ar an ngluaiseacht, agus chuaigh muintir na Céinia chun cearmansaíochta ar na Sasanaigh.
D'éirigh an cogadh níos fuiltí. Rinneadh bratbhuamáil ón aer (sé milliún buama san iomlán).[2][3] Rinneadh na Kikuyu a imtheorannú (beagnach 500,000) and milliún eile sa chlár "villagisation".[1]