6ú Tuarascáil de chuid an Phainéil Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide
From Wikipedia, the free encyclopedia
Foilsíodh an 6ú Tuarascáil de chuid an Phainéil Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (PIRAA) na Náisiún Aontaithe sa bhliain 2021/2022. Thug an PIRAA foláireamh faoi ghuaiseacha aeráide nach féidir a sheachaint. Foilsíodh
- Cuid a hAon (The Physical Science Basis) ar 9 Lúnasa 2021;
- Cuid a Dó (Impacts, Adaptation and Vulnerability) ar 1 Márta 2022.[1]
- Cuid a Trí (Mitigation of Climate Change nó ‘Maolú ar an Athrú Aeráide’) ar 4 Márta 2022[2][3][4]
Deir an IPCC gur in ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta go dtí seo, tá athrú aeráide mar gheall ar ghníomhaíocht an chine dhaonna ag cur isteach go mór ar an dúlra agus ag cur isteach isteach ar shaol na billiún duine ar fud an domhain.[5] Deir Cathaoirleach an ghrúpa Hoesung Lee gur foláireamh tubaisteach atá ann maidir leis an tionchar a bheidh ar chúrsaí muna ndéantar gníomhú go pras, agus gur bagairt mhór atá san athrú aeráide ar shláinte daoine agus ar phláinéad sláintiúil ag rá nach leor lagiarrachtaí a thuilleadh.[5]