An Afracáinis
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is teanga Iar-Ghearmáinice í an Afracáinis, agus í an-chosúil leis an Ollainnis. Labhraítear san Afraic Theas agus sa Namaib í thar aon áit eile, ach tá teacht ar an gcorr-chainteoir sa Bhotsuáin, i Leosóta, sa tSuasalainn, sa tSiombáib, agus sa tSaimbia chomh maith. De thoradh na himirce ón Afraic Theas, tá timpeall ar 30.000 cainteoir Afracáinise ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe. Tá pobail thábhachtacha i bPerth san Astráil, i dToronto, Ceanada agus Auckland sa Nua-Shéalainn freisin. Úsáideann grúpaí éagsúla eitneacha an Afracáinis thar aon teanga eile, mar atá, na Bóraigh (boers), is é sin, na Geala a labhraíonn an teanga, na Daiteánaigh (Afracáinis: bruinmense, kleurlinge) a labhraíonn í, agus sainghrúpaí ar daoine datha iad, ar nós na mbasters, Malaeigh na Rinne (Cape Malays), agus na Griquas. Tá cónaí ar na basters i lár na Namaibe, go háirithe timpeall ar Rehoboth.
Afrikaans | |
---|---|
Cineál | teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 7,200,000 (2016) |
Dúchasach do | an Bhotsuáin, Central District (en) , Ghanzi District (en) , Kgalagadi District (en) , Kgatleng District (en) , Southern District (en) , an Afraic Theas agus Deisceart na hAfraice |
Stáit | an Afraic Theas, an Bhotsuáin, an Namaib, an tSaimbia agus an tSiombáib |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Gearmáinice Gearmáinic an Iarthair teangacha Francóiniacha teangacha Francóiniacha Íochtaracha | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach |
Institiúid caighdeánaithe | Taalkommissie (en) |
Stair | Q523576 |
Cóid | |
ISO 639-1 | af |
ISO 639-2 | afr |
ISO 639-3 | afr |
Glottolog | afri1274 |
Linguasphere | 52-ACB-ba |
Ethnologue | afr |
ASCL | 1403 |
Linguist List | afr |
IETF | af |