An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís
From Wikipedia, the free encyclopedia
Úrscéal eipiciúil fantaisíochta is ea An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís (Béarla: The Hobbit, or There and Back Again) leis an Ollamh le Léann na Meánaoiseanna J. R. R. Tolkien. Foilsíodh an leabhar ar dtús as Béarla sa bhliain 1937, agus is leabhar é a bhfuil moladh faighte aige ó léirmheastóirí. Ainmníodh an leabhar do bhonn Carnagie agus bhí bua ag an scéal i ngradam an New York Herald Tribune sa rannóg Ficsean d’Ógánaigh [1]. Is leabhar é a bhfuil éileamh mór air go fóill agus aithnítear mar shaothar clasaiceach de litríocht na bpáistí é, agus tá an leabhar aistrithe go 50 teanga [2].
(en) The Hobbit | |
---|---|
Fotheideal | or There and Back Again |
Cineál | saothar liteartha |
Cárta innéacs | |
Údar | J. R. R. Tolkien |
Teanga | Béarla |
Maisitheoir | J. R. R. Tolkien |
Foilseachán | an Ríocht Aontaithe , an Ríocht Aontaithe, 1937 1937 |
Foilsitheoir | George Allen & Unwin agus Allen & Unwin |
Tréith | |
Príomhábhar | Tolkien's legendarium (en) |
Seánra | fantaisíocht don aos óg, ficsean óg, síscéal, fantaisíocht agus ardfhantaisíocht |
Líon na leathanach | 310 |
Carachtair | |
Suíomh scéalaíochta | An Meán-domhan |
Ar siúl i gcruinne ficseanúil | Tolkien's legendarium (en) |
Plota méadaithe i | Tiarna na bhFáinní |
Cuid den tsraith | |
Tá an leabhar suite san aois roimh eachtraí Thiarna na bhFáinní, agus is scéal eachtraíochta bunaithe ar thóraíocht Bhiolbó Baigín é, chun scair de shaibhris an Dragan Smóg a fháil. Cabhraíonn Biolbó le Gandalf Draoi agus Toirín an t-abhac, ceannaire dosaen abhac teifeach agus ról an ghadaí aige sa chomplacht.
Is iad téamaí lárnacha an leabhair ná éabhlóid agus fás pearsanta, teacht in aois, chomh maith le téamaí de shaint, laochas agus misneach de shaghsanna éagsúla.