Boilsciú (cosmeolaíocht)
cosmeolaíocht / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá i mboilsciú cosmeolaíoch teoiric faoi bhorradh easpónantúil an spáis sa chruinne luath. Mhair an ré bhoilscithe idir 10−36 soicind i ndiaidh shingilteacht theoiriciúil na hOllphléisce go dtí am éigin idir 10−33 agus 10−32 soicind i ndiaidh na singilteachta. Ina dhiaidh sin lean an chruinne uirthi ag boilsciú, cé gur níos moille é.[1]
Cheap an fisicí teoiriciúil Alan Guth teoiric an bhoilscithe in 1979 ag Ollscoil Cornell agus rinneadh níos mó oibre uirthi sna hochtóidí luatha. Tugann sí éachtaint ar thús strúchtúr mórscála an chosmais. Is éard a chuir tús le fás an struchtúir sa chruinne iomlaoid chandamach sa réigiún boilscithe micreascópach, réigiún a bhorr go méid chosmach.[2] Is dóigh le mórán fisiceoirí go míníonn an boilsciú cén fáth a bhfuil an chuma chéanna ar an gcruinne i ngach treo, cén fáth a bhfuil radaíocht an chúlra chosmaigh mhicreathonnaigh chomh cothrom sin, cén fáth a bhfuil an chruinne comhréidh agus cén fáth nach bhfeictear monaphoil mhaighnéadacha.
Níl eolas ag fisiceoirí ar mhion-innealra an bhoilscithe maidir le fisic cháithníní. Glacann formhór na bhfisiceoirí le teoiric an bhoilscithe, mar tá roinnt léirshamhlacha boilscithe deimhnithe ag an ngrinniú.[3]
Tá a lán fisiceoirí ann nach n-aontaíonn leis an teoiric.[4][5] Is minic a cháintear í toisc nach ionann an bunréimse boilscithe agus aon réimse eile is eol dúinn agus nach bhfuil ina chuar fuinnimh phoitéinsiúil ach gléas ad hoc atá oiriúnach do shonraí ar bith beagnach. Tá an boilsciú lochtaithe ag Paul Steinhardt féin, fisicí a bhí orthu siúd ba thúisce a chuir teoiric an bhoilscithe chun cinn. Deir sé nach dócha go mbeadh cruinne chomhréidh ann, tríd is tríd. Luann sé Roger Penrose, fisicí nótáilte a dúirt gur dóichí go mbeadh cruinne comhréidh ann gan bhoilsciú.[4][6] Tá argóintí i bhfabhar an bhoilscithe déanta ag na fisiceoirí Alan Guth, David Kaiser agus Yasunori Nomura,[7] agus ag Andrei Linde.[8]