Bundúchasaigh na Tasmáine
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba iad Bundúchasaigh na Tasmáine bunmhuintir na Tasmáine (Van Diemens’s Land), oileán atá laisteas de mhórthír na hAstráile. B’fhéidir go raibh 15,000 duine acu ann sular tháinig lonnaitheoirí Briotanacha sa bhliain 1803.[1][2] Luaitear galracha Eorpacha mar an rud is mó ba chúis le scrios an phobail lán-Bhundúchasaigh.[3][4][5][6]
Cineál | grúpa eitneach |
---|---|
Daonra iomlán | 5,000 (1803) |
Léarscáil dáileacháin | |
Faoin mbliain 1833, agus le cabhair ón Leifteanant-Ghobharnóir George Arthur, bhí George Augustus Robinson in ann áitiú ar thimpeall 200 Bundúchasach géilleadh agus é á rá leo go gcosnófaí iad agus go bhfaighidís a dtailte ar ais i ndeireadh na dála.[7] Aistríodh iad go dtí Wybalenna Aboriginal Establishment ar Oileán Flinders, áit ar mharaigh galracha mórán acu. Sa bhliain 1847 aistríodh an seacht nduine is daichead díobh a bhí beo fós go dtí Cuainín na nOisrí (Oyster Cove), laisteas de Hobart. Deirtear go minic gurbh iad Trugernanner (1812–1876) agus Fanny Cochrane Smith (1834–1905) na daoine deireanacha de shliocht lán-Bhundúchasach.[8][9]
Ní mhaireann aon teanga Thasmánach, cé go bhfuil daoine éigin ag iarraidh teanga nua a dhéanamh de na focail atá le fáil i gcáipéisí agus sa chaint.
Sa lá atá inniu ann tá roinnt mílte de shliocht Tasmánach Bundúchasach mar thoradh ar phóstaí measctha.