Cantabria
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is comhphobal féinrialaitheach é Cantabria atá suite in oirthuaisceart na Spáinne. Santander an phríomhchathair. Tá Cantabria ag críochantacht le Tír na mBascach (cúige na Bioscáine), agus ó dheas tá Castilla y León, agus san oirthear tá Asturias. Tá cósta aige ó thuaidh chomh maith.
Cantabria | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Aintiún | Himno a La Montaña | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Spáinn | ||||
Príomhchathair | Santander | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 584,507 (2021) | ||||
• Dlús | 109.85 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 5,321 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Mhuir Chantabrach | ||||
Pointe is airde | Peña Vieja (en) (2,613 m) | ||||
Pointe is ísle | leibhéal na farraige (0 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Province of Santander (en) | ||||
Cruthú | 1982 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Presidente of Cantabria (en) | María José Sáenz de Buruaga (2023–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | ES-CB | ||||
Cód NUTS | ES13 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | cantabria.es | ||||
Tá Cantabria lonnaithe laistigh den Spáinn Glas, ainm a dtugtar don réigiún idir muir Cantabria agus sléibhte Cantabria i dtuaisceart na Spáinne. De bharr an bháistí agus na haeráide aigéanaí bíonn an fásra an-ghlas. Tá tionchar mór ag an Aigéan Atlantach, tagann an ghaoth ón Atlantach agus bíonn sé sáinithe leis na sléibhte; meán deascadh na háite ná 1,200 mm.
Tá tábhacht ar leith ag Cantabria de bharr an mhéid láithreán seandálaíochta atá le fáil ann. Tagann cuid dóibh as an ré pailéiliteach. Tá naoi bpluais ann le stádas Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO. Tá líníocht phluaise le feiceáil mar shampla i bpluais Altamira, atá dátaithe 16,000 go 9,000 RC.
Cruthaíodh Cúige Cantabria ar an 28 Iúil 1778. Glacadh le Reacht Cantabria ar an 30 Nollaig 1981, agus mar sin stádas fhéinrialathach.