Féile Woodstock
From Wikipedia, the free encyclopedia
Féile cheoil ab ea Féile Woodstock (Woodstock de ghnáth, nó The Woodstock Festival) a bhí ar siúl amuigh faoin tuath ar fheirm Max Yasgur sa bhaile beag Bethel, Nua-Eabhrac, ar feadh deireadh seachtaine amháin, 15 Lúnasa go dtí go moch ar maidin ar an 18 Lúnasa sa bhliain 1969.[1] Sheinn dhá ghrúpa déag agus fiche ag an bhféile, os cionn lucht féachana de 400-500,000 duine.
Fíricí Gasta Lipéad sa teanga dhúchais, Cineál ...
Dún
Idir cheol, dhrugaí, shíocháin agus ghrá ba léiriú ceart í Féile Woodstock ar Réabhlóid Chultúrtha na seascaidí. Cé go bhfuil na blianta caite, tá rian na réabhlóide sin fós le brath agus le cloisteáil maidir le ceol, ealaín, damhsa agus saol na linne seo.[2]