Feirítí
From Wikipedia, the free encyclopedia
Rang ábhar ceirmeach ina bhfuil ocsaídí iarainn is oiread beag ábhar eile cosúil le copar, nicil nó mangainéis. Bíonn seoltacht bheag leictreach acu, bíonn siad fearómaighnéadach, agus úsáidtear iad mar ábhar croíleacáin i gcornaí ardmhinicíochta leictreacha, maighnéid i gcallairí agus cinn i dtaifeadáin gutha is físe. Is éard a bhí in adhmaint an tseansaoil ná feirít fheiriúil nó maighnéidít, Fe(Fe2O4).[1]