Günter Blobel
From Wikipedia, the free encyclopedia
Micribhitheolaí ceallach a rugadh i Waltersdorf na Gearmáine ab ea Günter Blobel (21 Bealtaine 1936 - 18 Feabhra 2018). D'oibrigh sé sna Stáit Aontaithe ó 1969 ar aghaidh. Fuair sé amach go bhfuil comharthaí intreacha ag próitéiní agus go rialaíonn siad seo a n-iompar is a suíomh sa chill. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1999 as.[1]
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Dún