George W. Bush
43ú huachtarán na Stát Aontaithe, ó 2001 go 2009 / From Wikipedia, the free encyclopedia
Fear gnó agus polaiteoir Meiriceánach é George Walker Bush (6 Iúil, 1946 a rugadh é), a bhí mar 43ú hUachtarán na Stát Aontaithe. Tháinig sé i gcomharbacht ar Bill Clinton sa bhliain 2001. Toghadh George W. Bush ina uachtarán ar SAM den chéad uair ar 7 Samhain 2000, agus bhí an-chuid conspóide faoi áireamh na vótaí ag an am.
Ní mór feabhas a chur ar an litriú agus/nó ar an ngramadach san alt seo. Ná bain an chlib seo den alt ach i ndiaidh do chainteoir dúchais nó líofa súil a chaitheamh air, le do thoil.
Tar éis an t-alt a cheartú, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. |
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Dún
Bhí a chéad tréimhse feidhmeannais caite aige i 2005, agus toghadh don dara tréimhse é i mí Dheireadh Fómhair, 2004. Tháinig Barack Obama i gcomharbacht air sa bhliain 2009.
Ba é Bush 46ú Gobharnóir Texas ó 1995 go 2000, agus is ball saoil den Pháirtí Poblachtach é. B'uachtarán a athair roimhe, George H. W. Bush, agus is Gobharnóir deartháir leis, Jeb Bush, i bhFlorida.