Idirlíon
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is líonra ríomhairí poiblí é an tIdirlíon, a nascann líonraí ríomhaireachta ar fud an domhain ag úsáid córais theileachumarsáide phoiblí.
Seoltar sonraí mar mheascán de chomharthaí analógacha (seanaimseartha anois) agus comharthaí digiteacha thar an Idirlíon.
Caithfear seoladh uathúil a bheith ag gach ríomhaire atá ceangailte go díreach leis an Idirlíon. Tugtar an seoladh IP air seo.