Liosta idirghníomhaíocht teicteonacha
From Wikipedia, the free encyclopedia
Bíonn trí chineál idirghníomhaíocht bainteach le teicteonaic phlátaí
- Teorainneacha dibhéirseacha a tharlaíonn sna háiteanna a scarann plátaí óna chéile, agus le himeacht ama cruthaítear droim sléibhe ar ghrinneall an aigéin. Tugtar teorainneacha cruthaitheacha orthu freisin.
- Teorainneacha coinbhéirseacha a aimsítear sna háiteanna a bhuaileann plátaí isteach ar a chéile. Scriostar carraigeacha anseo agus dá bhrí sin tugtar teorainneacha scriosacha nó comhbhrúiteacha orthu.
- Criosanna fodhuchtaithe (freisin: 'Zóin fhodhuchtaithe') a aimsítear sna háiteanna a mbuaileann pláta aigéanach agus pláta ilchríochach lena chéile. Bíonn baint ag trinsí aigéanacha leo. Lúbann pláta amháin agus téann sé síos isteach faoin bpláta eile. Tugtar 'fodhuchtú' ar an phróiseas sin agus 'zón foduchtaithe' ar an áit ina dtarlaonn sé. Leánn an chuid den phláta aigéanach atá foduchtaithe agus cruthaíonn sé seo brú sa mhaintlín, rud is cúis le bolcáin a fhoirmiú.
- Fordhuchtú a tharlaíonn nuair a bhrúitear pláta ilchríochach faoi phláta aigéanach, ach tá sé seo neamhghnách, mar go mbíonn dlúis choibhneasta na bplátaí teicteonacha i bhfabhar fodhuchtaithe an phláta aigéanaigh. Lúbann an pláta aigéanach agus dá bharr, de ghnáth, cruthaítear droim láraigéin nua, agus iompaítear an ródhuchtú go fodhuchtú.
- Zóin nó criosanna oraigineacha a tarlaíonn nuair a bhuaileann dhá phláta ilchríochach lena chéile. Ag éirí as na fórsaí a chruthaítear, déantar sliabhraonta móra. Tugtar teorainneacha imbhuailte orthu freisin.
- Limistéir theorainn phlátaí a tharlaíonn nuair a mheileann dhá phláta thar a chéile le gníomhaíocht choinbhéirseach nó dhibhéirseach teoranta amháin.