Meicnic
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá sa mheicnic ná staidéar matamaiticiúil ar ghluaiseacht. Baintear leas as dlíthe Newton chun cur síos a dhéanamh ar dhíláithriú coirp óna fhosphointe nuair a fheidhmíonn fórsaí air. Is dlíthe nádúrtha iad dlíthe Newton agus glactar leo mar seo a leanas:
- Fanann corp ina sheasamh nó ag gluaiseacht ag ráta tairseach go dtí go bhfeidhmníonn fórsa eismheánach air.
- Nuair a fheidhmíonn fórsaí eismheánacha ar chorp, is ionann ráta athraithe an mhóimintim agus suim na bhfórsaí sin.
- Nuair a fheidhmíonn corp A fórsa ar chorp B, feidhmníonn corp B fórsa eile ar chorp A; tá méad an fhórsa seo cothrom le méad an chéad fhórsa, agus dírithe sa treo úrchóireach.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Sé bunphrionsapal na meicnice ná an prionsabal coibheasta: ní mór gluaiseacht a thomhas i leith ruda: níl a leithead de rud ann agus gluaiseacht absalóideach. Mar sin, labraítear mar gheall ar `ghluaiseacht coirp i leith ruda'. Más ionann an rud sin agus córas comhardanáidí agus uaireadóir, glaotar fráma (nó córas) tagartha ar an rud sin. Má tá dhá fhráma ag gluaiseacht go rialta nó ina bhfos i leith a chéile glaotar frámaí taimhe orthu. Baintear leas as frámaí taimhe sa mheicnic. I ndáiríre tuigeann gach duine an coincheap seo: má tá tú i dtraein agus na dallóga dúnta ar an bhfuinneog, ní féidir a rá an bhfuil an traein ag gluiseacht go rialta, nó ina seasamh. Tuigtear gluaiseacht na traenach i leith cad a fheictear lasmuigh. Ar an láimh eile, is féidir a aithint muna bhfuil an ghluaiseacht rialta seo ag an traein: má tá lúb san iarnród agus má chasann an traein go tapaidh, is féidir athraithe i ngluaiseacht na traenach a mhothú. Is cás eile é seo ach tá anailís na meicnice níos fusa i leith fráma taimhe, agus bainfear leas astu siúd as seo amach.
Chun dlíthe Newton a athrú go matamaitic agus chun díláithriú an choirp a shloinneadh mar fheidhm an ama, ní mór teicnící an chalcalais a shainmhíniú. San alt seo, pléifear corp no réad atá ina phoncmháis: tá máis ag an gcorp ach níl toirt aige. Mar sin, tá an plé níos simplí ach níl gá leis an srian seo.