Nanaitheicneolaíocht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá sa nanaitheicneolaíocht ná na bealaí atá ar fáil chun struchtúir agus uirlisí a dhéanamh nó a ionramháil ar scála an nanaiméadair - sin é le rá, ar scála adamhach nó móilíneach, mar a bhfuil tréithe an ábhair an-difriúil leis na cinn a bhaineann le scála níos airde.[1] Teicneolaíocht ilchineálach atá inti ar féidir tairbhe a bhaint aisti i gcúrsaí optaice, bitheolaíochta, meicníochta, ceimice agus micritheicneolaíochta. Fágann an t-ilchineálachas seo nach bhfuil eolaithe ar aon intinn faoi nádúr na nanaitheicneolaíochta.[2]
Aithnítear gur féidir le nanábhair díobháil a dhéanamh do chorp an duine agus do chealla saothrúcháin. Déanann an nanathocsaineolaíochta staidéar ar an dochar a d'fhéadfadh na nanábhair a dhéanamh don tsláinte nó don timpeallacht. Ceist eiticiúil is ea spré forleathan na nanaimhíreanna.
Tá na milliúin dollar á gcaitheamh ar nanaitheicneolaíochtaí ar mhaithe le taighde agus saothrú,[3] obair a d'fhéadfaí a chur chun somhaoine móire feasta.