Pápa
ceannaire na hEaglaise Caitlicí / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é an Pápa ceannaire na hEaglaise Caitlicí. De réir thuiscint oifigiúil na hEaglaise, b'é Naomh Peadar an chéad Phápa. Tháinig an focal féin ón bhfocal Gréigise pappas, a chiallaíonn "athair", agus ón bhfocal Laidine papa, arb ionann an bhrí leis. Is é Proinsias, a rugadh faoin ainm Jorge Mario Bergoglio, atá ina Phápa ó 13 Márta 2013 i leith. Tháinig sé i gcomharbas ar Bheinidict XVI, a bhí ina Phápa ón mbliain 2005 go dtí go n-éirigh sé as an bpápacht ar 28 Feabhra 2013.