Ríomhaire
meaisín leictreonach a dhéanann tascanna loighciúla / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é an rud atá sa ríomhaire ná meaisín leictreonach agus é ag láimhdeachas sonraí de réir threoracha réamhdhéanta uimhriúla agus loighciúla. Cuirtear na sonraí isteach (an t-ionchur), agus i ndiaidh a bpróiseála, baintear na torthaí amach ar shlí éigin (an t-aschur).
Bhí na ríomhairí ba sine an-mhór, nó bhí seomra mór ag teastáil le háit a fháil do cheann acu. D'imigh sin agus tháinig seo, áfach: inniu, tá sé indéanta ó thaobh na teicneolaíochta de ríomhairí beaga a shuíomh, nó a "leabú" mar a deirtear, i ngléasanna éagsúla cosúil le róbait tionsclaíocha, ceamaraí digiteacha, agus, fiú, bréagáin do na páistí.
Tá na ríomhairí an-aclaí ag láimhseáil sonraí, i bhfad níos aclaí ná na háireamháin. Aon dá ríomhaire a bhfuil an acmhainn chéanna iontu, is féidir leo na tascanna céanna a chomhlíonadh, ar acht go dtabharfar na treoracha céanna dóibh.
Tá roinnt cineálacha éagsúla ríomhairí ann. Ina measc, tá:
- Sár-ríomhairí - na ríomhairí is luaithe ar an domhan.
- Mór-ríomhairí - ríomhairí móra a bhíonn in úsáid ag ollscoileanna agus ag forais phoiblí le freastal ar a gcuid gnáthriachtanaisí ríomhaireachta agus próiseála sonraí. Tugtar ríomairí mórfhráma orthu freisin.
- Micriríomhairí - ríomhairí ina n-úsáidtear micreaphróiseálaí
- Ríomhairí Pearsanta - micriríomhairí in úsáid phearsanta
- Ríomhairí leabaithe - ríomhairí atá suite i ngléasanna teicneolaíochta agus tasc éigin sách teoranta acu
- Ríomhairí boise - ríomhairí ar féidir leat ceann acu a iompar i do lámh. Tugtar "cúntóirí pearsanta digiteacha" orthu freisin.
- Ríomhairí glúine - ríomhairí ar féidir leat ceann acu a choinneáil ar do ghlúin.