amhránaí, scríbhneoir amhrán agus gníomhaí Éireannach (1966–2023) / From Wikipedia, the free encyclopedia
Amhránaí agus cumadóir Éireannach ba ea Sinéad Marie Bernadette O'Connor (8 Nollaig1966 – 26 Iúil2023)[1] a raibh meas tuillte aici timpeall an domhain mar gheall ar a cumas ceoil ó na 1980idí ar aghaidh. Ba bhean í a raibh an-tóir ar fud an domhain ar a cuid ceoil.[2]
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Bhí aithne uirthi chomh maith mar gheall ar a ceann bearrtha, a háilleacht is a cuid tuairimí conspóideacha Ag aois an-óg a d'aimsigh Sinéad an spotsholas agus d'úsáid sí an aird le solas a chaitheamh ní hamháin ar a cuid ceoil ach ar go leor eile ar nós an tslí ar caitheadh le mná in Éirinn chomh maith le mí-úsáid ghnéis, teifigh, ciníochas, an tabú a bhain leis an ngalar SIDA agus neart eile.[3] Ach is as feabhas a cuid ceoil agus as a guth binn mín is fearr agus is faide a bheidh cuimhne ar Shinéad.[4][5][6][7]