Sonáid
From Wikipedia, the free encyclopedia
Píosa ceoil, do ghléas méarchláir (cruitchorda, pianó, orgán) de ghnáth. Sa chineál barócach de chuid Corelli, Purcell is Handel, mar shampla, ba shonáid tríréid í do dhá ghléas aonghiolcaigh (veidhlíní den chuid is mó) is continuo. 4 ghluaiseacht nó níos mó a bhíodh inti. Ach i gcás sonáidí Domenico Scarlatti (os cionn 550 díobh), níl ach gluaiseacht amháin sa chuid is mó díobh, foirm a bhí an-choitianta san Iodáil is an Spáinn. I sonáidí clasaiceacha Haydn, Mozart is Beethoven, 3 nó 4 ghluaiseacht atá sa chuid is mó díobh, an chéad cheann sa bhfoirm shonáideach is an ceann deireanach ina shonáid rondo. Ghlac cumadóirí an 19ú-20ú céad leis an scéim ghinearálta seo, ina measc Schubert, Chopin, Brahms, Shostakovich is Prokofiev. Uaireanta chuir cumadóirí eile, Liszt mar shampla, na gluaiseachtaí uile i struchtúr amháin, nó fiú d'imigh go hiomlán ón struchtúr traidisiúnta.[1]