Teorainn choinbhéirseach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa theicteonaic phlátaíI is éard is teorainn choinbhéirseach ann, ar a dtugtar freisin teorainn plátaí scriosacha (mar gheall ar fhodhuchtú) ná réigiún ar a bhfuil athrú gníomhach ag teacht i bhfeidhm ar a chruth, toisc gur bhog dhá phláta teicteonach (nó níos mó) nó blúirí an litisféir, i dtreo a chéile agus gur bhuail siad a chéile. Mar thoradh ar bhrú, chuimilte, agus ábhar pláta ag leá sa mhaintlín, tarlíonn creathanna talún agus bolcáin coitianta in aice leis na teorainneacha coinbhéirseachta. Nuair a bhogann dhá pláta i dtreo a chéile. cruthaítear crios fodhuchtaithe nó imbhualadh ilchríochach. Braitheann sé seo ar nádúr na bplátaí atá i gceist. I gcrios fodhuchtaithe, bogann an pláta a bhíonn ar barr, de ghnáth pláta le screamh aigéanach air, faoi bhun an pláta eile, gur féidir a bheith déanta as screamh aigéanach nó ilchríochach. Cruthaítear sliabhraonta móra, ar nós na Himiléithe, le linn imbhuailtí idir dhá pláta ilchríochach.