Vancouver, Washington
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cathair in ndeisceart stát Washington, SAM, ar bhruach thuaidh an Abhainn Columbia is ea Vancouver. Úsáidtear ainm an stáit lena ainm go minic chun idirdhealú a dhéanamh idir é agus Vancouver sa Cholóim Bhriotanach. Tá an dá háit ainmnithe i ndiaidh George Vancouver, captaen mara agus taiscéalaí. Is é an ceathrú cathair is mó i stát Washington agus príomhbhaile Chontae Clark. Bhí 161,791 duine ina gcónaí i Vancouver de réir daonáirimh na bliana 2010, agus measadh 167,405 duine a bheith ann sa bhliain 2013.
Vancouver, Washington | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | George Vancouver | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Stát sna Stáit Aontaithe | Washington | ||||
County of Washington (en) | Contae Clark | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 190,915 (2020) | ||||
• Dlús | 1,456.9 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 73,427 (2020) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Located in statistical territorial entity (en) | Portland metropolitan area (en) | ||||
Achar dromchla | 131.041684 km² | ||||
• Uisce | 6.8161 % | ||||
Airde | 52 m-171 ft | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1825 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Ceannaire an rialtais | Anne McEnerny-Ogle (en) (2018–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 98607, 99660–99664, 99682–99684 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 360 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | cityofvancouver.us | ||||
Bhuail galair Eorpacha bundúchasaigh an cheantair go han-dona, ag tosnú sa bhliain 1775 leis an chéad teagmháil eatarthu. Ba bheag duine díobh a tháinig slán as. Sa bhliain 1805 scríobh Meriwether Clark, taiscéalaí Meiriceánach, faoin áit ina bhfuil Vancouver inniu mar "an t-aon áit a molfaí dul a chónaí ann taobh thiar de na Sléibhte Creagacha." Rinneadh cathair de Vancouver sa bhliain 1857.
Tá Vancouver lámh le Portland, Oregon, agus déanann siad aon mhórcheantar uirbeach amháin murb ionann a róil sa gheilleagar áitiúil: Mar gheall ar chúrsaí cánacha sa dá stát is fearr le na lán daoine bheith ina gcónaí agus a bheith ag obair i Vancouver ach a gcuid siopadóireachta a dhéanamh i bPortland.