Vladivostok
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cathair in oirthear na Rúise is ea Vladivostok (Rúisis: Владивосток), i gcríoch Primor'e, is é sin, "an chríoch chois farraige". Is í príomhchathair na críche sin í. Sa bhliain 2019 bhí 605,049 duine ina gcónaí in Vladivostok, de réir an daonáirimh. Tá an chathair suite in aice le teorainneacha na Cóiré Thuaidh agus na Síne araon. "Tiarna an Oirthir" nó "Rialaigh an tOirthear" is ciall d'ainm Rúisise na cathrach; an chéad ainm a bhí ar an áit ná Haixenwai, sa teanga Manchúirise, agus is é is brí don ainm sin ná "sráidbhaile chois farraige". Chloisfeá an t-ainm Manchúirise ó na Sínigh freisin, cé gur fearr leo a dtraslitriú féin den ainm Rúisise a úsáid go hoifigiúil.
Fíricí Gasta Suíomh, Príomhchathair de ...
Vladivostok | |||||
---|---|---|---|---|---|
Владивосток (ru) | |||||
|
|||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Rúis | ||||
Krai of Russia (en) | Críoch Phrimorsky | ||||
Urban okrug in Russia (en) | Vladivostoksky Urban Okrug (en) | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 597,237 (2023) | ||||
• Dlús | 1,803.47 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 331.16 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Peter the Great Gulf (en) | ||||
Airde | 8 m | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 20 Meitheamh 1860 (Iúlach) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 690000–690999 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 423 | ||||
OKTMO ID (en) | 05701000001 | ||||
OKATO ID (en) | 05401000000 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | vlc.ru |
Dún