Zhou Enlai
polaiteoir de chuid Dhaon-Phoblacht na Síne (1898–1976) / From Wikipedia, the free encyclopedia
Polaiteoir de chuid Dhaon-Phoblacht na Síne ab ea Zhou Enlai (Sínis shimplithe: 周恩来; Sínis thraidisiúnta 周恩來; pinyin: Zhōu Ēnlái; 5 Márta 1898 – 8 Eanáir 1976). An chéad phríomh-aire ar an tír a bhí ann agus an post sin aige ó mí Dheireadh Fómhair 1949 go dtí lá a bháis. D'fhreastail sé faoi Mao Zedong, príomhcheannaire na DPS. D'imir Zhou ról tábhachtach in teacht chun cumhachta an Pháirtí Cumannach na Síne, i neartú smacht an pháirtí ar an tír, i bhforbairt bheartais eachtraigh na tíre agus i bhforbairt gheilleagar na Síne.
Taidhleoir ábalta a bhí in Zhou Enlai. Eisean an chéad aire eachtrach de chuid na Síne (1949–1958). Agus an Réabhlóid Chultúrtha ag druidim chun deiridh, chuidigh Zhou le caidreamh nua a chothú idir Daon-Phoblacht na Síne agus na Stáit Aontaithe.
Throid Zhou faoi choim in aghaidh Drong an Cheathrair sna 1970idí. D'éag sé 8 mí roimh bhás Mao. Cé gur tháinig Hua Guofeng, duine ní ba chlaonta i leith Dhrong an Cheathrair, i gcomharbas ar Mao, d'éirigh le dalta coimirce de chuid Zhou, Deng Xiaoping, an chumhacht a bhaint amach dó féin. Tugadh baill na dronga chun trialach, agus osclaíodh an tír suas don thíortha eile an domhain agus rinneadh an geilleagar a fhorbairt go suntasach.