Einsatzgruppen
From Wikipedia, the free encyclopedia
Scuaid maraithe de chuid na Naitsithe, nó scuaid an bháis, ba ea na Einsatzgruppen. Taobh amuigh de na campaí géibhinn, mharaigh na Naitsithe agus lucht a dtacaíochta milliún agus sé chéad míle Giúdach amuigh faoin spéir, go háirithe sa bhliain 1941, sular thosaigh an tUileloscadh i gceart sna sluachampaí. Nuair a thosaigh an t-ionradh ar an Aontas Sóivéadach, chuaigh scuaid an bháis, nó na Einsatzgruppen, isteach sna sálaí ag an arm, agus iad ag marú rompu, idir Pholannaigh, fheidhmeannaigh Chumannacha, agus Ghiúdaigh.
Sonraí | |
---|---|
Ainm gearr | EGr |
Cineál | death squad (en) |
Cuspóir an tionscadail nó gníomhaíocht | death squad (en) |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Naitsíochas |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 1939 |
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 1945 |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú |
|
Príomhoifigeach feidhmiúcháin | Reinhard Heydrich (1939–1942) Ernst Kaltenbrunner (1943–1945) |
Máthaireagraíocht | Reich Main Security Office (en) |
Fochomhlacht | |
Cuid de | SS |
Ceaptar go minic gur sna campaí géibhinn ba mhó a cuireadh daoine den saol agus ní dhéantar mórán tagairtí don Einsatzgruppen. Ach ins na tíortha Eorpacha a bhí i ngreim ag na Naitsithe, chuir na póilíní agus a lucht leanta a bhí sa ngrúpa sin, níos mó daoine chun báis ná mar a rinne na campaí.
Thugadar daoine, Giúdaigh den chuid ba mhó, ach chomh maith leosan daoine nár aontaigh leo, amach faoin tuath, chuireadar iallach orthu trinsí a dhéanamh agus chaitheadar le gunnaí iad ionas go dtitfidís marbh isteach sna huaigheanna a bhí déanta acu féin.[1]