Rugbaí
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is saghas spóirt (saghas peile, chun a bheith níos cruinne) é rugbaí (nó rugar uaireanta) a fhorbraíodh in áiteanna éagsúla i Sasana. Deirtear gur tháinig an spórt ar an bhfód don chéad uair sa Scoil Rugby, atá suite i Rugby, Warwickshire.
Fíricí Gasta Cineál, Eapainm ...
Cineál | peil |
---|---|
Eapainm | Scoil Rugby |
Tír dhúchais | Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann |
Líon uasta imreoirí | 30 |
Dún
Nuair a luaitear an téarma "rugbaí", is iad atá i gceist don chuid is mó ná an dá leagan den chuiche is mó - Rugbaí Sraithe agus Rugbaí Aontais. Cé gur fhás peil Mheiriceánach, peil Astrálach agus peil Cheanadach as rugbaí, ní chuirtear iad sa chatagóir céanna.[1][2][3]