Ainéaras
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá i gceist le ainéaras leathnú buan artaire de bharr lagú na mballaí tar éis gortaithe, galraithe, máchail beirthe, artairiscléaróise nó hipirtheannais. Uaireanta, is féidir ainéaras a aimsiú le scrúdú láimhe dochtúra.
Den chuid is mó aimsítear é le X-ghathanna, scanadh CT, scannadh ultrafhuaime nó scrúdú ultrafhuaime Doppler. Baolach san aorta, príomhartaire na colainne trína gcaidéalann an croí an fhuil roimh í a dháileadh ar fud na colainne.
Féadfaidh an t-ainéaras séideadh suas, agus silfidh an fhuil amach ón imshruthú is isteach i gcuasa stoc na colainne, rud a fhéadfaidh a bheith marfach go tapa do dhuine.
Cóir leighis nua-aimseartha a úsáidtear chun ainéaras a smachtú is ea píosa de phíobán poileistir a chur in ionad an fhad aorta atá gortaithe.
Féadfaidh duine bás a fháil de bharr ainéarais in artaire ar bith san inchinn, má phléascann sé. Sa chás seo neartaítear an t-artaire go minic le píobán plaisteach, fíocháin as ball eile den cholainn, nó teanntán miotail timpeall air.[1]