An Athbheochan
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ciallaíonn Renaissance athbhreith nó athbheochan nó athmhuscailt suime i léann agus in iontais na sean Róimhe agus na sean Ghréige sa 14ú haois - 17ú haois. Fuair an léann seo bás le titim Impireacht na Róimhe thart fá 400 AD.[1]
Cineál | gluaiseacht ealaíne gluaiseacht chultúrtha |
---|---|
Tréimhse | 14 haois - 17 haois |
Suíomh | An Eoraip |
Codanna | |
Thosaigh an Athbheochan Léinn san Iodáil i ndeireadh na Meánaoise, is é sin sa 14ú haois agus leath ghluaiseacht chultúrtha ar fud na hEorpa ina dhiaidh sin. Tháinig deireadh leis an Renaissance mar ghluaiseacht chultúrtha sa 17ú haois.
Mar ghluaiseacht chultúrtha, chuir an Renaissance béim ar athbheochan na Laidine agus ar úsáid na dteangacha labhartha sa litríocht araon. Dar le lucht a chomhaimsire, ba é an file Francesco Petrarca an ceannródaí a chuir tús le hathmheasúnú seo na litríochta clasaicí mar fhoinse inspioráide, sa 14ú haois.
Le linn an Renaissance forbraíodh teicníochtaí nua a chuir ar chumas na n-ealaíontóirí cur síos níos cruinne a thabhairt ar an réaltacht ina gcuid pictiúr, an pheirspictíocht líneach ach go háirithe, agus de réir a chéile cuireadh cuma nua ar an gcóras oideachais chomh maith.
I gcúrsaí polaitíochta, chuir an Renaissance spreagadh i bhforbairt na taidhleoireachta nua-aimseartha.
I gcúrsaí na heolaíochta, chuir sé béim ar thábhacht an bhreathnaithe.
Is minic a deir staraithe gur droichead ón Meánaois go dtí an Nua-aois ab ea an mórathrú meoin seo.
Cé gur tháinig réabhlóid san eolaíocht agus sa tsochaí de thoradh an Renaissance, is iad na saothair ealaíne is mó a tharraingíonn ár súil ar an tréimhse sin inniu, chomh maith le cuimhne na "bhfear Renaissance", is iad sin na daoine léannta agus na hileolaithe, ar nós Michelangelo nó Leonardo da Vinci.
Glactar leis go coitianta gurb i bhFlórans a thosaigh an Renaissance sa 14ú haois. Is iomaí teoiric a cuireadh chun tosaigh lena mhíniú conas a tháinig an Renaissance ar an bhfód agus céard ba chúis leis: luaitear imthoscaí chathair Fhlórans, an cineál sochaí a bhí ann ó thaobh an chultúir agus na sochaí de, agus muintir Medici ag rialú na cathrach is ag tál a bhféile ar na healaíontóirí. Is minic a thagraítear do na fir léinn ón nGréig a d'éalaigh ó thrúpaí na Tuirce Otamánaí go dtí an Iodáil chomh maith.
Is iomaí craiceann a chuir scríobh staire an Renaissance de, agus bhí an-díospóireacht i measc na staraithe faoin tréimhse seo, faoina tábhacht agus faoina carachtar. Sa naoú haois déag ba nós an-urraim a thabhairt don Renaissance agus d'fhir mhóra an Renaissance mar laochra cultúrtha, rud nach bhfuil ag teacht le coincheap an Renaissance mar thréimhse ar leith. Mar a dúirt an staraí ealaíne Erwin Panofsky, na staraithe is mó a chuireann amhras i gcoincheap an Renaissance, is staraithe iad nach raibh mórán suime acu riamh sa taobh aeistéitiúil den scéal. I gcúrsaí ealaíne agus eolaíochta, níl sé deacair an Renaissance a aithint mar thréimhse ar leith, dar le Panofsky.