Atmaisféar an Domhain
From Wikipedia, the free encyclopedia
An t-imchlúdach tanaí aeir a choimeádtar timpeall an Domhain ag an aomadh domhantarraingthe is ea atmaisféar an Domhain (Gréigis: ἀτμός - atmos "gal" agus σφαῖρα - sphaira "sféar")ː[1] nítrigin (78%), ocsaigin (20%), dé-ocsaíd charbóin (níos lú ná 1%), argón (níos lú ná 1 %) a chomhdhéanamh, ach tagann galuisce is rianmhéid de hidrigin, héiliam, meatán, crioptón, neon, xeineon, ózón is truaillithe éagsúla san áireamh freisin.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Cineál | Imchlúdach tíreolaíochta, Geoisféar agus atmosphere of a planet (en) | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | An Domhan timpeallacht | |||
Le cuid | Trópaisféar stratopause (en) thermopause (en) Trópastad homosphere and heterosphere (en) Ianaisféar upper atmosphere (en) strataisféar aer | |||
Tréithe | ||||
Déanta as | nítrigin, ocsaigin, Argón, Dé-ocsaíd charbóin, Neon, héiliam, Meatán agus Crioptón | |||
Ní mar sin a bhí i gcónaí: ar dtús meastar gur meascán de mheatán is amóinia a bhí san atmaisféar. Le hathruithe fisiciúla ar dhromchla an Domhain agus éabhlóid na bplandaí, tháinig an comhdhéanamh chun a bheith mar a bhfuil sé timpeall 20 milliún bliain ó shin.
Tá an ocsaigin ann de bharr na beatha, agus go mór mór de bharr na fótaisintéise, an cumas atá ag plandaí feidhm a bhaint as fuinneamh sholas na Gréine. Glacann plandaí dé-ocsaíd charbóin isteach, agus cruthaíonn an próiseas fótaisintéise ocsaigin ghásach mar fhotháirge.
Baineann dó breoslaí is meitibileacht ainmhithe feidhm as ocsaigin, agus cruthaíonn dé-ocsaíd charbóin mar fho-tháirge. Cuid lámach den éiceachóras domhanda an t-atmaisféar. Má athraítear tiúchan aon fho-choda nádúrtha, nó má shuimítear aon ábhar as an nua, b'fhéidir go mbeidh córas beatha an Domhain thíos leis. Samhlaítear an t-atmaisféar roinnte ina sceallaí comhlámacha.
Sa trópaisféar, ó dhromchla an Domhain go dtí an trópastad timpeall 14 km in airde (mar a mbíonn an teocht ag -60°C), a tharlaíonn an aimsir, gaotha, báisteach is sneachta. Os cionn an trópastad tá an strataisféar, suas go dtí timpeall 50 km mar a bhfuil an stratastad (agus an teocht ag O°C).
Tá an ciseal ózóin, a chosnaíonn daoine, ainmhithe is plandaí ón radaíocht ultraivialait sa ghrianradaíocht, ag airde timpeall 28 km. Os cionn an stratastad tá an méisisféar, a shíneann go dtí airde 80 km (mar a mbíonn an teocht ag - 100°C). Scarann an méiseastad an méisisféar ón teirmisféar (agus an teocht ann suas le 1 00°C ag airde timpeall 130 km, suas le 1 200 °C ag 600 km) a shíneann amach sa spás.
Ag airde timpeall 400 km tá an sceall a dtugtar an t-easféar air, ar féidir le gáis éadroma éalú uaidh. Cuimsíonn an t-ianaisféar an méisisféar is an teirmisféar, leis an D-chiseal timpeall 80 km in airde, ciseal Heaviside (E-chiseal) ag timpeall 120 km, agus ciseal Appleton (F-chiseal) timpeall 260 km in airde.