amhránaí agus cumadóir Meiriceánach (2001–) / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is amhránaí agus scríbhneoir amhrán Meiriceánach í Billie Eilish Pirate Baird O'Connell ach tá sí aitheanta mar Billie Eilish. (Nó Billí Eilís as Gaeilge).
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Billie Eilish
(2022)
Beathaisnéis
Breith
(en-us) Billie Eilish Pirate Baird O'Connell 18 Nollaig 2001 22bliana d'aois Los Angeles, California
Rugadh í ar an 18 Nollaig, 2001 i Los Angeles, California[1]. D’fhoilsigh sí an t-amhrán “Ocean Eyes” ar SoundCloud sa bhliain 2015 agus scríobh sí an t-amhrán i gcomhar lena deartháir, Finneas O’Connell[2]. Is é sin an t-am a thosaigh a gníomhréim agus ní raibh sí ach cúig bliana déag d’aois ag an am. Tá Eilish ar cheann de na réaltaí popcheoil is mó ar an domhan faoi láthair i ndiaidh a céad albam When We All Fall Asleep, Where Do We Go?[3]. Tar éis di a bheith ina guth dá ghlúin, tá billiúin ar billiúin sruthanna ceoil agus beagnach 60 milliún leantóirí ar Instagram[4] aici ag ocht mbliana déag d’aois.
Is bean ildánach í le cúig Dhámhachtain Grammy, dá Dhámhachtainí Ceoil Meiriceánach (Béarla: American Music Awards), dá Churiarracht Dhomhanda Guinness (Béarla: Guinness World Records), trí Dhámhachtainí Ceoil Físe MTV (Béarla: MTV Video Music Awards) agus Dámhachtain BRIT amháin. Is í an duine is óige agus an dara duine riamh chun ceithre chatagóir ghinearálta sna Dámhachtainí Grammy a bhuachan[2][5].