Cosacaigh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tugtar Cosacaigh ar threibheacha áirithe Slavacha a raibh cónaí orthu i nDeisceart na Rúise agus san Úcráin. Is deacair a rá, cé acu grúpa eitneach nó aicme shóisialta atá iontu. Ar dtús, ba scológa bochta iad a bhí míshásta leis an dóigh a rabhthas á ndúshaothrú sa Rúis. Mar sin, d'éalaigh siad ó bhráca na dtiarnaí talún agus chuaigh siad le fánaíocht i machairí móra an deiscirt. Creidtear gur cuireadh síol leis an gcultúr Cosacach sa Mheánaois, ach níor thrácht na foinsí staire orthu roimh an gceathrú haois déag.
Cineál | pobal eitneach, aicme shóisialta, estates of the realm (en) agus gairm bheatha |
---|
Tugtar marcshluanna ar na dreamanna éagsúla de Chosacaigh, ar nós Marcshlua Zaporizhia, Marcshlua Don, Marcshlua Terek agus Marcshlua na hÚraile. Chuala muintir Iarthar na hEorpa an chéad iomrá ar na Cosacaigh i lár na seachtú haois déag, nuair a d'éirigh Cosacaigh Zaporizhia faoi cheannas Bogdan Chmielnicki amach in aghaidh chumhacht na Polainne agus na Liotuáine san Úcráin.
Chuir na Cosacaigh eagar míleata orthu féin, rud a chiallaigh nach raibh na stáit áitiúla - an Pholainn, an Rúis agus Cánacht na Crimé - ábalta greim a fháil orthu. Bhí siad ag maireachtáil sna machairí móra mar shluaite leath-neamhspleácha armtha. Uaireanta, bhí siad sásta comhoibriú leis na Polannaigh nó leis na Rúisigh, ach uaireanta eile, d'éirigh siad amach in aghaidh na dtiarnaí iasachta seo. I rith na naoú haoise déag, áfach, bhí na hImpirí Rúiseacha in ann a gcumhacht a chur i bhfeidhm ar na Cosacaigh, cé go bhfuair siad a lán pribhléidí ina éiric sin. Bhí siad díolmhaithe ón gcáin go hiomlán. Bhain na hImpirí úsáid astu mar scothaicme saighdiúirí agus le críocha nua a thabhairt chun míntíreachais, go háirithe sa tSibéir.
Chuaigh na Cosacaigh i líonmhaireacht go déanach sa Mheánaois, nuair a bhí na seirfigh Úcránacha agus Rúiseacha ag teitheadh óna dtiarnaí talún le triail a bhaint as saol an Chosacaigh. Sa deireadh thiar thall, áfach, d'iompaigh na Cosacaigh ina saighdiúirí in arm Impireacht na Rúise, agus iad ag coimheád teorainneacha na hImpireachta. Is mar ghardaí teorann agus mar shearbhóntaí de chuid an Impire anlathaigh sin is mó a aithníonn muintir an Iarthair na Cosacaigh, agus is le tíorántacht na hImpireachta a shamhlaítear iad – íomhá atá bun os cionn ar fad le clú na gCosacach sa Rúis féin.
Ghreamaigh íomhá rómánsúil na saoirse agus na heachtránaíochta de na Cosacaigh go dtí an lá inniu, rud atá le haithint ar litríocht na Rúise agus na hÚcráine. Tá iarsmaí na gCosacach i Rúis an lae inniu eagraithe ina marcshluaite arís, agus iad ag iarraidh páirt a ghlacadh i gcúrsaí polaitíochta, go háirithe ag tacaíocht le páirtithe agus dreamanna náisiúnaíocha. Níl údaráis na Rúise sásta stádas an ghrúpa eitnigh a bhronnadh ar na Cosacaigh go hoifigiúil, áfach.
Throid na Cosacaigh Rúiseacha in Arm na Rúise ina lán cogaí i rith na hochtú is na naoú haoise déag. Le linn Chogadh Cathartha na Rúise, bhí Cosacaigh ag troid ar an dá thaobh, san Arm Bán chomh maith leis an Arm Dearg. Bhí na Cosacaigh cois Don ar ceann de na dreamanna ba mhó a chuir in aghaidh na mBoilséavach. Mar sin féin, cuireadh reisimintí Cosacacha ar bun arís roimh an Dara Cogadh Domhanda.
Inniu, tá traidisiún na gCosacach á athbheochan i ndeisceart na Rúise. Faoi láthair, tá timpeall is 150,000 duine ar fiannas míleata in aonaid armtha na gCosacach, agus na milliúin duine ag dearcadh orthu féin mar Chosacaigh eitneacha.
Is iad na teangacha is mó a shamhlaítear leis na Cosacaigh ná an Rúisis agus an Úcráinis. Bhí canúint, téarmaí agus focail dá gcuid féin ag na Cosacaigh sa dá theanga, áfach. Na scríbhneoirí Rúisise a scríobh scéalta faoi na Cosacaigh, ar nós Mikhail Sholokhov agus Vasiliy Shukshin, d'fhéach siad le húsáid a bhaint as canúintí agus téarmaí Cosacacha ina gcuid saothar.