D Day
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tugtar D-Day ar an 6 Meitheamh 1944, nuair a chuaigh fórsa ollmhór de chuid na gComhghuaillithe[1] i dtír sa Normainn, ar chósta na Fraince le linn an Dara Cogadh Domhanda.
- Glaotar D-Day[2], nó Jour J, nó Lá L[3] nó Oibríocht Neiptiúin, ar ionradh agus teacht i dtír na gComhghuaillithe ar na Naitsithe. Seasann an 'D' i 'D-Day' don fhocail 'Day', mar sin cialaíonn sé Lá-L. An téarma Gaeilge a mholann Tearma.ie ná an Dul i dTír sa Normainn.
- Oibríocht Overlord a tugadh ar an bhfeachtas iomlán i mí Meithimh.
| ||||
Cineál | cath amphibious warfare (en) | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Invasion of Normandy (en) agus An Dara Cogadh Domhanda | |||
Lá | 6 Meitheamh | |||
Tréimhse | 6 Meitheamh - 29 Lúnasa 1944 | |||
Dáta na bliana | 6 Meitheamh 1944 | |||
Suíomh | An Normainn | |||
Tír | an Fhrainc | |||
Rannpháirtí | an Ríocht Aontaithe Stáit Aontaithe Mheiriceá Ceanada an Astráil an Pholainn an Bheilg Czechoslovak government-in-exile (en) France libre an Danmhairg an Ghréig an Ísiltír an Nua-Shéalainn an Iorua Gearmáin na Naitsithe Dwight D. Eisenhower Bernard Montgomery Omar Bradley Miles Dempsey Trafford Leigh-Mallory Bertram Home Ramsay Arthur Tedder Gerd von Rundstedt Erwin Rommel Friedrich Dollmann Hans von Salmuth Wilhelm Falley | |||
Le cuid | ||||
Bhí Oibríocht Neiptiúin ar an ngníomhaíocht mhíleata ón bhfarraige ba mhó i stair an chine dhaonna. Cuireadh 160,000 saighdiúir de chuid na gComhghuallaithe i dtír ar chladaí na Normainne le troid in aghaidh na nGearmánach. Seoladh trúpaí Meiriceánacha, Briotanacha, Ceanadacha, srl. go dtí tránna na Normainne, agus na cód-ainmneacha úd Utah, Omaha, Gold, Juno agus Sword ar chrioslaigh éagsúla an chósta. Ag úsáid ait-tancanna, aerfhórsaí, céanna Maoildearg agus PLUTO (píblíne faoin bhfarraige), bhuaigh na Chomhghuaillithe i gcoinne na Naitsithe.
Maraíodh b'fhéidir 7,000 ar an dá thaobh, in iomlán, ar Lá L.[4][5]
Saoradh príomhchathair na Fraince, Páras, ó na Gearmánaigh i mí Lúnasa den bhliain chéanna.[6]