Ceannródaí ba ea Cage. Mar shampla le "ceol seansúil", ní fios caidé mar a fhuaimneoidh an ceol roimh ré[1]. Tá an seinnteoir chomh saor agus is féidir leis a bheith chun tobchumadh a dhéanamh (taobh istigh de na teorainn atá leagtha síos ag John Cage). Sampla amháin de phíosa ceoil sa stíl seo ná “Imaginary Landscape” le John Cage áit a bhfuil 12 raidió ag seinm ag an am céanna. Thig leis na seinnteoirí an fhuaim a chur suas nó síos, nó an stáisiún a athrú de réir mar is mian leo. Braitheann an píosa ceoil ar caidé atá ar na stáisiúin éagsúla ag an am. Is furasta a aithint nach mbeadh aon dá sheinm den phíosa seo mar an chéanna. Níor bhac Cage le nodaireacht traidisiúnta, ach d‟úsáid sé nodaireacht ghrafach.