Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide
From Wikipedia, the free encyclopedia
Foras de chuid na Náisiún Aontaithe is ea an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (PIRAA nó an IPCC, Intergovernmental Panel on Climate Change i mBéarla). Coiste saineolaithe agus eagraíocht is ea é chun measúnú údarásach a dhéanamh ar an eolas eolaíoch ar an bhforthéamh domhanda aus an t-athrú aeráide domhanda de bharr astaíochtaí gáis cheaptha teasa san atmaisféar.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | GIEC agus IPCC | ||||
Cineál | eagraíocht faoi stiúir na Náisiún Aontaithe eagraíocht idir-rialtasach eagraíocht timpeallachta | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1988 | ||||
Bunaitheoir(í) | Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Uachtaránacht | Hoesung Lee (2015–2023) | ||||
Máthaireagraíocht | World Meteorological Organization (en) United Nations Environment Programme (en) | ||||
Eile | |||||
Gradam a fuarthas
| |||||
Suíomh gréasáin | ipcc.ch | ||||
Bhunaigh Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe is Eagraíocht Dhomhanda na Meitéareolaíochta an PIRAA sa bhliain 1988.
Déanann PIRAA measúnú freisin ar na hiarmhairtí ar an gcomhshaol, an eacnamaíocht is an tsochaí, agus molann freagairtí straitéiseacha don ghábh seo. Rinne an painéal (a raibh 400 eolaí ó 25 tír mar bhaill de ag an am) a chéad tuarascáil i 1990, ag tuar go n-éireódh meánteocht an Domhain 0.3 °C gach 10 mbliain den chéad seo. Rinne sé a thuarascáil chuimsitheach is déanaí i 2007, ag léiriú go bhfuil an t-athrú aeráide is a iarmhair ag tarlú ar a laghad chomh trom is a tuaradh i 1990.
Tuarascáil sa bhliain 2022 ː