Scaradh cumhachtaí
From Wikipedia, the free encyclopedia
Go minic timpeall an domhain, bíonn cumhacht an Stáit roinnte idir an reachtas, an feidhmeannas agus na breithiúna. Tugtar 'scaradh cumhachtaí nó deighilt na gcumhachtaí ar an gcóras seo. Cuimsíonn an deighilt tipiciúil i dtrí bhrainse den rialtas, ar a dtugtar uaireanta an trias politica; an chumhacht reachtach, an chumhacht feidhmiúcháin agus an chumhacht bhreithiúnach. Bíonn cumhachtaí agus freagrachtaí ar leith ag gach ceann acu, le cumhachtaí agus freagrachtaí neamhspleácha ar leith acu, ionas nach mbeidh cumhachtaí brainse amháin ag teacht salach ar na mbrainsí eile.
Táthar ag súil go bhfuil an córas polaitíochta níos láidre mar sin. Má éiríonn brainse amháin róláidir, smachtaíonn na brainsí eile é (tá súil againn). Seo iad na srianta agus na ceartúcháin a ndéantar tagairt dóibh go minic.[1]