William Caxton
From Wikipedia, the free encyclopedia
An chéad chlódóir Sasanach, a rugadh i Weald Shasana, meastar ab ea William Caxton (c 1422-c 1491). Ar cuairt go Köln na Gearmáine (1471-1472) a d'fhoghlaim sé ceird na clódóireachta, is dócha. Chuir sé cló ar an gcéad leabhar Béarla, The Recuyell of the Historyes of Troye (Bailiúchán Scéalta na Traí, aistriúchán ar leabhar Fraincise) i 1475. I 1476 bhunaigh sé a ghnó clóbhuailte le clóphreas adhmaid. Chlóbhuail sé timpeall 100 leabhar, ach ní mhaireann ach trian nó mar sin díobh, cuid mhaith díobh i mblúirí.[1]
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Dún