Zhang Heng
From Wikipedia, the free encyclopedia
Eolaí Síneach a chéadcheap an seismeagraf i 132 ab ea Zhang Heng (78-139). Rinne sé luach π amach, thóg sféar neamhaí le bun spéire is fáinní fadlíneacha, agus thuig nach raibh cúiseanna osnádúrtha le feiniméin nádúrtha ach gurbh fheiniméin a bhí fós le míniú ag daoine iad. Thuig sé go raibh an Domhan sféarúil, go raibh an Ghealach soilsithe ag an nGrian, gur imrothlaigh sí timpeall na Gréine, agus gurb é scáth na Gréine a d'uraigh í. Mhínigh sé fadú is giorrú na laethanta. D'fhionn sé córas eangaí na cartagrafaíochta.[1]
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (zh) 張衡 78 Nanyang (Ríshliocht Han) |
Bás | 139 60/61 bliana d'aois Luoyang |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Confúiceachas |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Matamaitic, réalteolaíocht agus Seismeolaíocht |
Gairm | cartagrafaí, tíreolaí, fealsamh, cumadóir, innealtóir meicniúil, antraipeolaí, réalteolaí, file, matamaiticeoir, polaiteoir |
Dún