An Bhealarúis
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is tír í an Bhealarúis (an Bhealarúis an leagan Gaeilge eile a fheictear i bhfoclóirí áirithe; thugtaí an Fhionnrúis uirthi freisin) atá suite in Oirthear na hEorpa, agus í ag críochantacht leis an Rúis, leis an Liotuáin, leis an Úcráin, agus leis an Laitvia. Is í Mionsc an phríomhchathair, agus cathracha tábhachtacha eile is ea iad Biareście, Hrodna, Homiel, Mahiloŭ, agus Viciebsk. Is é an t-ainm oifigiúil Poblacht na Bealarúise (Bealarúisis: Рэспубліка Беларусь/Respublika Biełaruś), ach is gnách An Bhealarúis (Беларусь/Biełaruś) a thabhairt ar an tír go simplí. Tá an tír lán coillte, agus 9,498,700 duine ina gcónaí ansin.
An Bhealarúis | |||||
---|---|---|---|---|---|
Рэспубліка Беларусь (be) Республика Беларусь (ru) Беларусь (be) | |||||
|
|||||
Aintiún | My Belarusy (24 Meán Fómhair 1955) | ||||
Mana | «Hospitality Beyond Borders» | ||||
Ainmnithe in ómós | White Ruthenia (en) | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Mionsc | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 9,155,978 (2024) | ||||
• Dlús | 44.11 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Bhealarúisis an Rúisis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Oirthear na hEorpa | ||||
Achar dromchla | 207,595 km² | ||||
Pointe is airde | Dzyarzhynskaya Hara (en) (345 m) | ||||
Pointe is ísle | Abhainn Neman (90 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise agus An tAontas Sóivéadach | ||||
25 Lúnasa 1991 19 Meán Fómhair 1991 | |||||
Saoire phoiblí | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | córas uachtaránachta | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Council of Ministers of the Republic of Belarus (en) | ||||
Comhlacht reachtach | Comhthionól Náisiúnta Phoblacht na Bealarúise | ||||
• President of Belarus (en) | Alexander Lukashenko (1994–) | ||||
• Príomh-Aire na Bealarúise | Roman Golovchenko (2020–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Uachtarach na Bealarúise | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 69,673,747,132 $ (2021) | ||||
Airgeadra | rúbal na Bealarúise | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .by agus .бел (en) | ||||
Glaochód | +375 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 101, 102 agus 103 | ||||
Cód tíre | BY | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | belarus.by |
Sna laethanta a bhí, bhain an Bhealarúis lena lán tíortha éagsúla, ar nós Diúcacht Połack, Ard-Diúcacht na Liotuáine, Comhlathas na Polainne is na Liotuáine, agus Impireacht na Rúise.
Tá croí na Bealarúise Eorpach, fite fuaite ina luachanna, ina cultúr agus ina mianaidhm ar thodhchaí níos fearr. Is féidir a sliocht stairiúil a rianú siar go dtí Francysk Skaryna na Bealarúise, duine de na soilsithe is luaithe den Renaissance Eorpach, agus a rannchuidiú uathúil d’ealaín agus smaointeoireacht na hEorpa, arna léiriú ag saothair fhísiúla Marc Chagall, atá ábhartha d’idéil Eorpacha.[1]