Iarmhairt cheaptha teasa
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tagann mórchuid de theas an Domhain chugainn ón nGrian i bhfoirm radaíochta infridheirge. I staid chobhsaí, d'aisradófaí an oiread céanna teasa amach sa spás an t-am ar fad. Ach tá gáis ar leith san atmaisféar a chuireann isteach ar an aisradú seo, á laghdú agus ag cur le coinneáil an teasa ar Domhan. Tugtar an iarmhairt cheaptha teasa[1] ar an bhfeiniméan seo, nó iarmhairt an teach gloine, de bhrí gur mar seo a fheidhmíonn na ballaí i dteach gloine.