Scarbhileog
From Wikipedia, the free encyclopedia
Clár ríomhaire lenar féidir sonraí, uimhreacha agus/nó téacs a chur isteach is a thaispeáint i maitrís dhronuilleogach. Is féidir na sonraí a phróiseáil is a láimhseáil ar bhealaí difriúla de réir mar a chinneann an t-úsáideoir. Mar shampla, is féidir colúin nó sraitheanna uimhreacha a shuimiú, a idirmhalartú nó a mhéadú faoi thairisigh. Tugann scarbhileoga bealaí réasúnta simplí, ach cumasach mar sin féin, chun sonraí airgid is eile a anailísiú, agus baintear feidhm astu go forleathan i gcúrsaí gnó.[1]